← Tá go leor comharthaí ag na daoine san oileán seo le n-inseacht cén sórt aimsire a bhíonn le teacht. 🔊
← Nuair a bhíonn an ghealach ag imeacht go h-éasca ins an spéir, bíonn stoirm le teacht. 🔊
← Nuair a bhíonn na réaltógaí ag preabaidh ins an spéir is comhartha é sin go bhfuil drochaimsir air. 🔊
← Nuair a bhíonn cúr ag imeacht ar an bhfarraige is comhartha é go bhfuil farraigí móra le teacht, agus nuair a bhíonn go leor sruthanna le feiceál sa bhfarraige bíonn báisteach air. 🔊
← Má bhíonn éanlaithe ag eiteall go h-ard sa spéir, is comhartha é go bhfuil aimsir bhreá air. 🔊
← Má bhíonn lachainn ag eiteall agus ag craitheadh a gcuid sciathán, is comhartha é go bhfuil báisteach air. 🔊
← Nuair a bhíonn mada ag ithe féir, bíonn báisteach air freisin. 🔊
← Nuair a bhíonn an ghrian dearg ag dul faoi, bíonn aimsir bhreá air. 🔊
← Nuair a bhíonn go leor míoltóga le feiceál, agus má bhíonn seangáin a bhfuil sciatháin ortha ag imeacht thart, is comhartha báistí é sin. 🔊